Tá sé fógartha gur 4,731 cás nua Covid-19 atá sa Stát.

Uaslódáladh 3,395 toradh dearfach ar thástáil antaigine inné.

845 duine atá ag fáil cóir leighis in ospidéil na tíre don ghalar.

79 díobh sin atá sna haonaid dianchúraim.