Tá an líon ard saighdiúirí atá curtha ag an Rúis go teorainn na hÚcráine ag cothú cuid mhór conspóide agus amhrais.
Tá imní mhór léirithe go bhfuil ionsaí á beartú ar an Úcráin acu.
Géaraíodh ar an aighneas idir an Bhreatain agus an Rúis ó mhaidin inniu.
Dúirt Oifig Gnothaí Eachtracha na Breataine go raibh plean ag Rialtas Vladimir Putin duine éigin fabharach don Rúis a bheith i gceannas san Úcráin, agus an t-uachtarán reatha a chur de dhroim seoil.

Dúradh freisin go raibh an Kremlin i dteagmháil le hiar-pholaiteoirí ón Ucráin mar chuid dá phlean ionradh a dhéanamh ar an tír sin.
Bhagair an Bhreatain go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ann don Rúis dá n-ionsódh sí an Úcráin.

Suas le 100,000 saighdiúir Rúiseach atá cruinnithe ar an teorainn, ach deir an Rialtas i Moscó nach bhfuil aon chuimhne aige dul isteach thar thairseach na hÚcráine.
Ag Aifreann an Domhnaigh sa Vatacáin inniu, léirigh an Pápa Proinsias freisin a imní féin faoina bhfuil ag tarlú thall ansin.