Tá sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney, an cleachtadh míleata atá beartaithe ag an Rúis amach ó chósta na tíre seo a tharraingt anuas ag Ambasadóir na Rúise chun na hÉireann.

'Níl an tAire Coveney sásta leis seo' a dúirt an tAire Stáit Patrick O'Donovan ar an gclár 'The Week in Politics' ar maidin.

Thug an tAire Stáit O'Donovan le fios freisin go mbeadh an cheist á plé ag an Aire Coveney freisin le ceannairí Eorpacha.

An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney

Is ag tús na míosa seo chugainn atá an cleachtadh seo beartaithe ag cabhlach na Rúise, siar amach ó chósta Chontae Chorcaí.

Is in uiscí idirnáisúnta atá an cleachtadh ar bun, 240 cíliméadar siar ó dheas ón gcósta, cé go bhfuil sé laistigh de limistéar eacnamaíochta an stáit.

Deir Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) nach gcuirfidh a mbeidh ar siúl ag na Rúisigh isteach ar aerspás na hÉireann.

Mar sin féin, cuirfear na gnáth eitleáin thráchtála ar threo eile fad is atá an cleachtadh ar siúl.

Ivana Bacik ón Lucht Oibre

Dúirt an Teachta Dála leis an Lucht Oibre,Ivana Bacik, 'ó tá sí ar Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe faoi láthair, ba cheart don tír seo teachtaireacht láidir a sheoladh chuig Rialtas na Rúise'.

Tá urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí cosanta,Sorcha Clarke, tar éis a himní a chur in iúl faoin gcleachtadh seo freisin.

Dúirt anailisí ar chúrsaí slándála,Tom Clonan gur shocraigh an Rúis a chuid tástálacha míleata a dhéanamh amach ó chósta na hÉireann chun teachtaireacht láidir a sheoladh ag an Eoraip agus NATO.

Yuri Filatov:Ambasadóir na Rúise chun na hÉireann

'Is léir go bhfuil an tír s'againne lag ó thaobh na slándála de' a dúirt sé 'mar nach bhfuil na hachmhainní againn le súil a choinneáil ar an bhfarraige'.

'Chomh maith leis sin, níl an radar ar an gcaighdeán is airde againn le súil a choinneáil ar aerspás na tíre' a dúirt Tom Clonan.

Dúirt sé freisin go gcaithfidh an Rialtas breis caiteachais a dhéanamh ar mhaithe le cosaint na tíre, mar gur muid is ísle san Eoraip geall leis, ó thaobh airgead a chaitheamh sa réimse seo.