Tá beartas an Rialtais maidir le híocaíocht bónais a thabhairt d'oibrithe áirithe a raibh orthu a bheith os comhair an phobail le linn na paindéime,cosanta ag an Aire Stáit, Patrick O'Donovan.

€1,000 d'íocaíocht aonuaire atá i gceist.

Shéan sé a bhfuil ráite ag an bhfreasúra faoin mbealach a ndearnadh an fógra seo, ag rá nach bhfuil sé fíor go raibh an teachtaireacht tugtha ar bhealach ciotach místuama.

'Ní dhearna an Rialtas ballséire de seo' a dúirt an tAire Stáit O'Donovan.

Bhí sé ag labhairt ar an gclár teilifíse 'The Week in Politics'.

Dúirt sé go mbunófaí painéal a dhéanfadh measúnú ar cén dream ba mhó a mbeadh an íocaíocht seo tuillte acu.

'Íocfar an bónas' a dúirt an tAire Stáit O'Donovan 'i Márta agus in Aibreán'.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Airgeadais,Pearse Doherty gur cheart an bónas freisin a íoc le cúramóirí a fhaigheann an liúntas cúram teaghlaigh.

Dúirt urlabhraí leis an Lucht Oibre, Ivana Bacik gur chóir go mbeadh sé socraithe ag an Rialtas cé dó a dtabharfaí an íocaíocht sular dearnadh an fógra Dé Céadaoin seo caite.