Tá ar Phríomh-Aire na Nua Shéalainne,Jacinda Ardern, a bainis féin a chur ar ceal i bhfianaise srianta Covid-19 a bheith á ngéarú ag Rialtas na tíre sin.

Tá an leagan Omicron den víreas ag scaipeadh leis go láidir sa tír.

Chuir an Rialtas srianta níos déine i bhfeidhm le gairid agus mairfidh siad go deireadh mhí Feabhra ar a luaithe a deirtear.

Beidh teora de 100 duine ag ócáidí agus caithfidh an vacsaín a bheith glactha acu.

Caithfidh daoine freisin maisc a chaitheamh ar an gcóras iompar poiblí agus i siopaí.