Deirtear go bhfuil ar a laghad seachtar marbh de bharr ionsaí buamála san Afganastáin.
Tharla an eachtra i gcathair Herat in iarthar na tíre.
Ionsaí a rinneadh ar fheithiceal míleata a bhí i gceist.
Níl a fhios go fóill cé a bhí freagrach.
Tá roinnt mhaith buamála feicthe i gceantair éagsúla san Afganastáin le roinnt míonna, go háirithe sa phríomhchathair Kabul.

Tá cainteanna ar bun san Iorua na laethanta seo ina bhfuil fadhbanna daonnachta na hAfganastáine á bplé.
I láthair tá ionadaithe ón Taliban, atá i gcumhacht san Afganastáin anois le 6 mhí.
Mairfidh na cainteanna 3 lá a deirtear.