'Tá vacsaíní Covid-19 á gcur amú' a deir dochtúir teaghlaigh as Contae Mhuineachán.

Sin mar nach bhfuil daoine ag bacadh leis an teanndáileog a thógáil dar le Illona Duffy.

Daoine óga is mó is cosúil nach bhfuil ag tógáil an 3ú dáileog.

Tá sé ráite ag an dochtúir Duffy nach aon chabhair é cinneadh an rialtais deireadh a chur leis an teastas Covid chun dul isteach in ionaid fáilteachais.

Bhí sí ag labhairt ar chlár raidió 'Brendan O'Connor' ar RTÉ a hAon ar maidin.

An tAire Sláinte Stephen Donnelly

Ach dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly nárbh í sin an aidhm a bhí leis an teastas digiteach sa chéad áit.

'Ba le daoine i dtimpeallachtaí ard riosca a chosaint a tugadh an teastas digiteach isteach', a dúirt sé.

Mar sin féin, d'iarr sé ar dhaoine an teanndáileog a ghlacadh nuair is am dóibh a léithid a dhéanamh.