Tá fear agus bean curtha siar faoi choinneáil i dtaca le luach €740,000 de chócaon a fuarthas in Aerfort Bhaile Átha Cliath Déardaoin.

Gabhadh Jefferson Pedrucci (32) a bhfuil seoladh aige i dTeach Sagard i mBaile Átha Cliath agus Pamela Da Silva (28), nach bhfuil aon seoladh buan aici, i ndiaidh don eitilt a raibh siad uirthi, tuirlingt.

Tugadh os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath an bheirt inné, agus cúisíodh iad i gcócaon a bheith ina seilbh go mídhleathach, á importáil le go bhféadfaí é a dhíol nó a sholáthar.

Cúisíodh Pamela Da Silva freisin faoi go raibh cáipéisí inimirce aici a bhí bréagach.

Dúradh sa chúirt go raibh an cócaon lachtaithe agus i bhfolach i dhá bhuidéal seampú.

Tiocfaidh an bheirt atá cúisithe os comhair na cúirte arís Dé hAoine seo chugainn.