Tá an fidléir iomráiteach Jimmy Campbell as Na Gleannta i gContae Dhún na nGall, básaithe. Bhí sé 85 bliain d'aois.

As teach mór ceoil ar An Teanga Mheáin sna Gleannta é agus óna athair James agus óna sheanathair Peter, a thug sé an ceol.

Chaith sé cuid mhaith dá shaol in Albain agus ansin i Londain, áit ar bhuail sé le cuid de cheoltóirí aitheanta na hÉireann, a bhí ar imirce ansin.

Fear mór cleachtaidh ab ea Jimmy agus bhí an-tionchar aige ar cheoltóirí óga.

Ó bhog sé abhaile as Londain i 1988, sheinneadh sé go rialta i dtábhairne an 'Glen Tavern' sna Gleanntaí.