Tionóladh searmanas inniu i lár chathair Bhaile Átha Cliath ina ndearnadh comóradh ar eachtra Halla an Rotunda 100 bliain ó shin.
Ghabh grúpa den eite chlé seilbh ar an áit agus iad ag agóidíocht in aghaidh na dífhostaíochta.
Tharla sin ar an 22Eanáir 1922.

Agóid shíochánta a bhí inti faoi cheannaireacht an údair agus an scéalaí, Liam Ó Flaithearta.
Mhair an agóid 4 lá.
Crochadh bratach dearg ar an bhfoirgneamh agus tharraing sin cuid mhór clampair ag an am.