Bhí suas le 1,000 duine bailithe i mbun agóidíochta i lár chathair Bhaile Átha Cliath inniu.

Chruinnigh siad ag an nGáirdín Cuimhneacháin thart ar a 1 a'chlog agus iad ag éileamh go gcuirfí deireadh le srianta Covid ar fad.

Teastaíonn uathu go ndéanfaí an reachtaíocht éigeandála a aisghairm, agus deir go leanfaidh siad orthu go gcuirtear deireadh ar fad leis na srianta.