Tá an chéad lastas de thacaíocht airm óna Stáit Aontaithe chun na hÚcráine in oirthear na hEorpa tar éis ceann scríbe a bhaint amach.

Tháinig sé chomh fada le Kyiv inniu.

Is fiú $200m an lastas seo.

Tá na mílte trúpaí Rúiseach tagtha le chéile ar an teorainn leis an Úcráin faoi láthair agus iad faoi réir is cosúil le hionradh a dhéanamh ar an tír.

Séanann na Rúisigh go bhfuil siad lena léithid a dhéanamh.