D'fhéadfadh sé go ngearrfaí 20 bliain de théarma príosúnachta ar fhear 29 bliain d'aois ón tír seo má chiontaítear é sna Stáit Aontaithe in ionsaí a dhéanamh ar bord eitleáin.

Cuirtear i leith Shane McInerney, ó Ghaillimh go raibh iompar foréigneach ar bun aige ar bord eitleáin le Delta Airlines breis is coicís ó shin.

Deirtear faoi gur dhiúltaigh sé masc a chaitheamh, gur ionsaigh agus bhagair sé ar bhall fóirne de chuid na haerlíne le linn na heitilte, gur scaoil anuas a chuid brístí agus gur chaith sé canna le paisinéir eile a bhí ar bord.

Tharla na heachtraí seo ar fad más fíor, ar an 7 Eanáir agus an t-eitleán ar a bealach ó Bhaile Átha Cliath go Nua Eabhrac.

Bhí Shane McInerney os comhair breithimh i Nua Eabhrac seachtain ní ba dheireanaí.

Ceadaíodh bannaí $20,000 (€17,630) dó.