Tá an t-údar agus an t-iarchraoltóir le RTÉ,Colm Keane, tar éis bháis.

Bhí sé 70 bliain d'aois.

Bhí ailse air le tamall.

29 leabhar a scríobh Colm Keane, ina measc beathaisnéisí ar Naomh Bríd,Naomh Padre Pio agus Naomh Treasa ó Lisieux.

Chaith sé 26 bliain ag obair le RTÉ, agus b'iomaí sin clár a léirigh agus a chuir sé i láthair leis an stáisiún idir cheol, spóirt, stair agus pholaitíocht.

Colm Keane agus a bhean chéile Una O'Hagan

I measc na ndaoine móra le rá a chuir sé faoi agallamh le linn a chuid oibre bhí Cat Stevens, Burt Bacharach agus George Best.

Ba nós leis freisin cuid mhaith altanna a scríobh d'irisí agus do nuachtáin.

Bhí cónaí air i gCo.Phort Láirge le tamall de bhlianta.

Maireann a bhean chéile, an t-iarchraoltóir le RTÉ,Una O'Hagan.