Óna 6 a'chlog ar maidin inniu tá deireadh le formhór na srianta Covid-19 a bhí i bhfeidhm sa Stát.

Rinne an Taoiseach a fhógra maidir leis seo tráthnóna inné i ndiaidh chruinniú na nAirí Rialtais agus na moltaí a tháinig an lá roimhe sin ó NPHET.

Na sluaite á gceadú arís ag imeachtaí spóirt

Ón lá inniu beidh na rialacha a bhaineann le himeachtaí sóisialta ar nós mar a bhí roimh an bpaindéim a bhuail an tír seo beagnach 2 bhliain ó shin.

An Taoiseach ag fógairt an deá-scéala inné

Beidh gnáthuaireanta oscailte i gceist i dtithe tábhairne, i gclubanna oíche agus i mbialanna.

Ní bheidh gá le pasanna digiteacha ná le scaradh fisiciúil.

Fear amháin thar a bheith sásta go bhfuil srianta á maolú

Ní bheidh srian ar líon na ndaoine ag imeachtaí laistigh ná ag imeachtaí lasmuigh.

Ciallaíonn sin go bhféadfar líon an lucht féachana ag imeachtaí spóirt a mhéadú go suntasach.

Beidh cead filleadh ar oifigí agus ionaid eile oibre de réir a chéile ón Luan seo chugainn.

Paráideanna Lá'il Pádraig ceadaithe arís

Gabhfar ar aghaidh i mbliana le himeachtaí Lá na Féile Pádraig, paráideanna agus eile.

Caithfidh daoine maisc a chaitheamh i gcónaí in áiteanna poiblí agus teastóidh pasanna digiteacha i gcónaí le taisteal thar lear.

Tá an rabhadh ann i gcónaí áfach, go bhfuil an víreas seo fós inár measc agus moltar a bheith cúramach.