Lá cinniúnach is ea é, a dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna agus é ag fógairt deireadh fhormhór na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Tiocfaidh an maolú i bhfeidhm ar 6am maidin amárach.

Thug an Taoiseach le fios nach bhfuil deireadh leis an bpaindéim, áfach; caithfimid ar fad a bheith ar ár n-airdeall go fóill, a dúirt sé.

Tá sé den bharúil go dtiocfaidh ardú sa ngearrthéarma ar líon na gcásanna Covid 19 i bhfianaise an mhaolaithe seo. Ach, a dúirt sé, tá comhairle curtha ar an rialtas nach mbeidh an brú céanna ar na hospidéil feasta, i bhfianaise líon na ndaoine atá iomlán vacsaínithe agus a bhfuil a dtreisdáileog faighte acu.

Ó 6am maidin amárach, ní bheidh srian feasta ar líon na gcuairteoirí atá ceadaithe i dtithe príobháideacha.

Beidh deireadh le teorainn ar líon na ndaoine ag imeachtaí laistigh agus lasmuigh. Beidh gnáthuaireanta oscailte i bhfeidhm i dtithe tábhairne, i mbialanna agus i gclubanna oíche agus ní bheidh pasanna Covid de dhíth chun dul isteach iontu. Beidh deireadh freisin le scaradh fisiciúil ag imeachtaí lasmuigh agus ag imeachtaí laistigh. Cuirfear tús, de réir a chéile, leis an bhfilleadh ar oifigí freisin.

Fágfar mar atá go fóill an riachtanas go gcaithfidh duine clúdach aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí agus go mbeidh gá le pasanna Covid don taisteal idirnáisiúnta.