Tá sé aontaithe ag an gcomhaireacht go ndéanfar formhór na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidhm a mhaolú ag 6am maidin amárach.

Ó mhaidin amárach, beidh na rialacha a bhaineann le himeachtaí sóisialta ar nós na socruithe a bhí i bhfeidhm roimh an bpaindéim.

Beidh gnáthuaireanta oscailte i gceist i dtithe tábhairne, i gclubanna oíche agus i mbialanna. Ní bheidh gá le pasanna digiteacha ná le scaradh fisiciúil.

Ní bheidh srian ar líon na ndaoine ag imeachtaí laistigh ná ag imeachtaí lasmuigh.

Beidh cead filleadh ar an oifig de réir a chéile ón Luan seo chugainn.

Beidh an Taoiseach ag fógairt na n-athruithe ar ball.