Tá cruinniú comhaireachta ar siúl faoi láthair agus tuigtear go bhfuil an Taoiseach, Micheál Martin, le hóráid a dhéanamh ar 6pm.

Tuigtear go mbeidh deireadh leis na srianta ar imeachtaí laistigh agus ar imeachtaí lasmuigh - imeachtaí spóirt ina measc - ón lá amárach.

Bheadh cead staideanna spóirt agus ionaid eile a líonadh go hiomlán le haghaidh imeachtaí a bheidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine seo i bhfianaise an athraithe sin.

Tuigtear go bhfágfar mar atá go fóill an riachtanas go gcaithfidh duine clúdach aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí agus go mbeidh gá le pasanna Covid don taisteal idirnáisiúnta.

Tuigtear go mb'fhéidir go mbeidh deireadh le scaradh fisiciúil freisin.