Tá sé ráite ag príomhfheidhmeannach Chónaidhm na bhFóstóirí, IBEC, gur údar dóchais é an maolú ar shrianta atá ar na bacáin, agus go mb'fhéidir gur féidir filleadh ar oifigí giota beag níos sciobtha anois ná mar a bhí súil leis.

Thug Danny McCoy go bhfillfí ar oifigí de réir a chéile agus gur faoin fostóirí agus fostaithe a bheadh sé a gcinntí féin a dhéanamh i ngach cás.

Tá obair chrua curtha isteach ag gach duine le dhá bhliain anuas, a dúirt sé, agus tá bealaí aimsithe nua ag gnónna chun earraí agus seirbhísí a sheachadadh dá margaí.

Thug Danny McCoy ardmholadh don rialtas agus don bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí as an láimhseáil atá déanta acu ar an bpaindéim ach, a dúirt sé, tá sé in am dóibh smacht ar na cinntí a bhaineann leis an áit oibre a thabhairt ar láimh arís d'fhostóirí agus d'fhostaithe.