Cothrom an lae amáraigh, 50 bliain ó shin, shínigh an Taoiseach, Jack Lynch, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Patrick Hillery, an Conradh Aontachais ag searmanas sa mBruiséil agus bhain an tír seo ballraíocht amach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

Inniu, tabharfaidh an Taoiseach, Micheál Martin, cuairt ar Oifig na gCarlann Náisiúnta, áit a ndéanfaidh sé iniúchadh ar an gconradh a síníodh ar 22 Eanáir, 1972.

Tabharfaidh sé óráid ar an athrú ó bhonn atá tagtha ar an tír seo le 50 bliain anuas i bhfianaise na ballraíochta sin.

Beidh an ócáid chomórtha le feiceáil ar líne.

Beidh imeachtaí eile ar siúl i rith na bliana chun comóradh a dhéanamh ar bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach.