Tá na húdaráis i gCeanada i ndiaidh teacht ar chorp ceathrair i ngiorracht don teorainn idir Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Bhí leanbh óg i measc na marbh. Meastar go bhfuair siad bás le linn síobtha sneachta agus iad ar bhealach a dtaistealaíonn imircigh air go rialta.

Tuigtear go bhfuair siad bás den bhfuacht. Fuarthas a gcorp i measc ráthanna sneachta. Bhí an teocht chomh híseal le 35 céim faoi bhun an reophointe inné nuair a aimsíodh iad.

Beirt fhásta, buachaill sna déaga agus leanbh a bhí iontu agus thángthas orthu 12 méadar ón teorainn. Tuigtear go raibh siad 10 gciliméadar ón mbaile is cóngaraí.

Tá fear as Florida atá 47 bliain d'aois gafa ag na húdaráis agus tá gáinneáil ar dhaoine curtha ina leith. Fuarthas an fear ag tiomáint veain ar an taobh ó dheas den teorainn. Bhí beirt ón India sa veain leis. Ní raibh cáipéisí inimirce acu.

Gabhadh grúpa inimirceach eile níos túisce sa lá ar an taobh ó dheas den teorainn, sna Stáit Aontaithe.

Tá na húdaráis den tuairim go raibh na mairbh, an bheirt sa veain agus an grúpa a gabhadh sna Stáit Aontaithe ar fad mar chuid den ghrúpa céanna ar dtús.