Sa Tuaisceart, tá sé fógartha ag an bhFeidhmeannas go bhfuil maolú le déanamh ar shrianta Covid-19 ansin.

Ní bheidh gá feasta cruthú ar phas vacsaín a thaispeáint in ionaid áirithe.

Bhí Céad agus Leas-Céad Aire an Tuaiscirt i nDoire inniu.

Céad Aire an Tuaiscirt Paul Givan

Fógraíodh infheistíocht de chúig déag milliún punt le hiar-cheannáras Airm na Breataine sa chathair a thiontú isteach in ostán ina mbeidh os cionn céad go leith seomra leapa.

B'ansin a bhí cruinniú fíorúíl acu leis an chuid eile de Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann tráthnóna.

Leas-Céad Aire an Tuaiscirt Michelle O'Neill

Cinneadh fáil réidh le chuid de shrianta Covid - mar shampla ón tseeachtain s'ugainn ní bheidh pas vaicsín de dhíth le dhul isteach i dtithe tábhairne, bialainn nó pictiurlanna.

Fosclófar clubanna oíche aríst agus beidh pas de dhíth le fáil isteach iontu siúd le cois imeachtaí eile taobh istigh.

Tá cruthúnas de dheimhniú covid i bhfeidhm anseo ó lár na míosa s'chuaigh thart.

Ón lá amárach cúig lá a bheas ort féinleithleisiú in áit seacht lá.

D'ardaigh líon na ndaoine ag dul 'un otharlainne ar an tseachtain s'chuaigh thart ach tá an líon sin ag titim anois le cúpla lá.

Deir an Roinn Sláinte go dtiocfadh an dara buaic i gcásanna tarlú anseo i gceann coicíse de bharr an víreas ag spréadh tuillleadh go háriithe i measc pháistí scoile.

Dúirt an Chéad Aire Paul Givan go bhfuil súíl aige go dtógfaí tuilleadh srianta ag an chéad chruinniú eile den Fheidhmeannas, caitheamh cumhdaigh aghaidh ina measc.