Tugadh fear 31 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Thulach Mhór i gCo Uíbh Fhailí anocht agus é cúisithe i ndúnmharú Ashling Murphy.

Sin é Jozef Puska, Slóvacach, a bhfuil seoladh aige i nGarrán Lainn Eala i dTulach Mhór.

Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy, múinteoir 23 bliain d'aois, agus í i mbun aclaíochta taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, Dé Céadaoin seo caite.

Dúirt an Bleachtaire-Sháirsint David Scahill sa chúirt gur ghabh sé Jozef Puska i Stáisiún Ghardaí Thulach Mhór anocht agus gur chúisigh sé é i ndúnmharú na hógmhná.

Nuair a cuireadh an dúnmharú ina leith, a dúirt an Bleachtaire-Sháirsint Scahill, is "no" an Bhéarla a d'fhreagair an cúisí.

Jozef Puska

Cuireadh Jozef Puska siar faoi choinneáil go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, tráth a thabharfar os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar é.

D'iarr a aturnae Eoin Lysaght saorchúnamh dlí agus ateangaire a chur ar fáil dá chliant. Ioncam €200 sa tseachtain ó shochar míchumais atá ag Jozef Puska, a dúirt an t-aturnae.

Níos túisce tráthnóna, scaoileadh saor an dara fear a bhí á cheistiú ag na Gardaí maidir leis an dúnmharú. Bhí seisean á cheistiú faoi eolas a cheilt. Deir na Gardaí go bhfuil comhad i dtaca lena chás siúd curtha ag triall ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.