Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur taifeadadh go hoifigiúil 12,138 cás nua den ghalar Covid-19 ó inné.
Cuimsíonn an líon cásanna nua tástálacha antaigine agus tástálacha um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (ISP) araon.
910 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin 69 níos lú ná inné. Tá 90 acu in aonaid dianchúraim, i gcomórtas le 93 inné.
Dearbhaíodh chomh maith gur bhásaigh 52 duine le Covid-19 le seachtain. Fágann sin gur 6,087 duine leis an ngalar a bhásaigh sa Stát ó thús na paindéime.
Cuireadh in iúl tráthnóna fosta go bhfuil seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 4,451 cás nua den ghalar ann.
Tá 3,054 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.
404 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, le hais 412 inné. Tá 25 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos lú ná inné.