Tá fear 40 bliain d'aois tugtha os comhair cúirte agus é cúisithe i ndúnmharú Michael Tormey i mBaile Atha Cliath deich lá ó shin.

Lámhachadh agus maraíodh Michael Tormey, 49 bliain, taobh amuigh dá theach cónaithe ar Bhóthar Thuamhan i mBaile Formaid ar an 9 Eanáir.

Is é Christopher Devine as Plásóga an Chlochair, Baile Formaid, atá cúisithe ina dhúnmharú.

Dúradh i gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu gur gabhadh Christopher Devine inné agus gur ceistíodh é i Stáisiún Ghardaí Bhaile Formaid.

Dúradh nach ndúirt sé tada nuair a cuireadh an chúis ina leith.

Cuireadh Christopher Devine siar faoi choinneáil go ceann seachtaine.

Tabharfar os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar é Dé Céadaoin seo chugainn.

D'iarr a aturnae cóir leighis shíciatrach a chur ar a cliant agus é faoi choinneáil.

Tá bean 39 bliain a gabhadh inné chomh maith scaoilte saor ag na Gardaí ó shin gan aon chúis a bheith curtha ina leith.

Tá comhad maidir lena cás-sa curtha chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.