Luaitear Gaeltacht Iorrais leis an cheathrú cuid de thithíocht shóisialta Chomhairle Contae Mhaigh Eo a tógadh le brící lochtacha piríte i dtaifid atá faighte ag 7Lá faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Deirtear sna taifid go bhfuil comharthaí piríte le haithint ar thithe sóisialta i nGaoth Sáile, i mBéal an Mhuirthead, in Inbhear, i bPoll an tSómais agus i gCeathrú Thaidhg.

"Tá teaghlaigh i ndiaidh an ceantar a fhágáil mar gheall ar phirít," a deir Treasa Ní Ghearraigh ó Chomhar Dún Chaocháin i gCeathrú Thaidhg.

Cosúil le míoca, mianra is ea pirít. Imíonn brící piríte ina mionrabh agus scoilteann ballaí tithe dá bharr.

I ráiteas, dúirt Comhairle Contae Mhaigh Eo nach ndéanfar aon phlean maidir le hobair leasúcháin go dtí go ndeimhneoidh tástálacha go bhfuil pirít sna 72 áit chónaithe atá i gceist. Cé ea, cheana féin, tá scéim leasúcháin um thithíocht shóisialta á bunú ag an Roinn Tithíochta.

I ráiteas, dúirt an Roinn Tithíochta go bhfuil sonraí na scéime á leagan amach faoi láthair i bpáirt le Comhairlí Contae Mhaigh Eo agus Dhún na nGall ach nach bhfuil dáta seolta socraithe.

Is idir na blianta 1998 agus 2008 a tógadh tithe le brící piríte i gCo Mhaigh Eo.

Rinne feidhmeannaigh Chomhairle Contae Mhaigh Eo suirbhé bunúsach súl ar roinnt tithe sóisialta anuraidh agus b'fhollas dóibh pirít a bheith i gcuid acu i gCaisleán an Bharraigh, i nGleann na Muaidhe, i gCill Ala agus i gCill Aodháin.

Rinne an Chomhairle tástáil shamplach freisin ar áitribh i dtrí eastát tithíochta agus deimhníodh go raibh pirít i ngach aon cheann a scrúdaíodh. Curieadh an scéal in iúl do na háitritheoirí.

I gCo Dhún na nGall, tógadh 20% d’árais chónaithe ar leis an gComhairle Contae iad le brící lochtacha. Sin thart ar 1,000 teach.