Tá an dara fear gafa ag Gardaí a bhfuil dúnmharú Ashling Murphy i gCo Uíbh Fhailí á fhiosrú acu.

Deir na Gardaí go bhfuil an fear os cionn 30 bliain d'aois agus go bhfuil sé a cheistiú acu in oirthear na tíre faoi eolas a choimeád siar.

Tá fear eile 31 bliain d'aois fós á cheistiú ag na Gardaí faoi dhúnmharú Ashling Murphy.

Tá an fear, a bhfuil cónaí air i lár tíre, á choinneáil i Stáisiún Ghardaí Thulach Mhór.

Gabhadh é nuair a scaoileadh amach as Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath ar maidin inné é.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar an bhfear cuntas a thabhairt ar na háiteanna a raibh sé roimh agus i ndiaidh mharú Ashling Murphy.

Is féidir é a choinneáil ar feadh 24 uair an chloig sula gcaithfear é a chúisiú nó a scaoileadh saor.

Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy, múinteoir 23 bliain d'aois, agus í i mbun aclaíochta taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, Dé Céadaoin seo caite.

Deir na Gardaí go bhfuil go leor fianaise maidir leis an marú bailithe acu agus go bhfuil dul chun cinn sunstasach déanta acu.