Tá fear os cionn 30 bliain d'aois gafa ag na Gardaí ar amhras gur dhúnmharaigh sé Ashling Murphy.

Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy, múinteoir 23 bliain d'aois, taobh leis an gCanáil Mhór i dTulach Mhór, Co Uíbh Fhailí, Dé Céadaoin seo caite.

Gabhadh an fear nuair a scaoileadh amach as Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath níos túisce inniu é.

Chuaigh sé chun an ospidéil oíche Déardaoin seo caite, mar a raibh cóir leighis á cur air faoi dhrochghortuithe a bhain dó. Bhí na Gardaí á choiméad ó shin.

Tá an fear á cheistiú i Stáisiún Ghardaí Thulach Mhór agus is féidir é a choinneáil ar feadh 24 uair.

Thug na Gardaí le fios inné go raibh dul chun cinn sunstasach déanta acu ina bhfiosrúchán faoi dhúnmharú Ashling Murphy.

Tá an fiosrúchán bunaithe ar an scrúdú iarbháis, an scrúdú dlí-eolaíochta a rinneadh ar láthair an mharaithe, eolas ón bpobal agus ar agallaimh le finnéithe, a dúirt siad.

Cuireadh Ashling Murphy i gcré na cille inniu.