Gearradh téarmaí príosúin cúig bliana déag ar athair agus ar uncailí thriúr leanaí faoi na daoine óga a éigniú agus ionsaithe gnéis a dhéanamh orthu go rialta.

Maidir leis an athair, atá 57 bliain d'aois, gearradh an téarma cúig bliana déag air faoi dhrochíde ghnéis a thabhairt do thriúr dá leanaí agus faoi fhaillí a dhéanamh i gcúigear dá leanaí. Gearradh téarmaí comhreathacha ceithre agus cúig bliana air chomh maith faoi ionsaithe gnéis agus faoi fhaillí.

Gearradh príosún naoi mbliana ar a bhean chéile - máthair na leanaí, atá 34 bliain - faoi dhúshaothrú gnéis. Gearradh téarmaí comhreathacha ceithre agus cúig bliana uirthise chomh maith faoi ionsaithe gnéis agus faoi fhaillí.

Gearradh príosún trí bliana ar aintín na leanaí faoi ionsaithe gnéis a dhéanamh orthu.

Príosúnacht cúig bliana déag a gearradh ar bheirt uncailí faoi éigniú agus faoi dhúshaothrú gnéis. Gearradh téarmaí comhreathacha ceithre agus cúig bliana orthusan chomh maith faoi ionsaithe gnéis agus faoi fhaillí.

Bhí na leanaí ar fad faoi bhun naoi mbliana d'aois nuair a tharla an mhí-úsáid.

Dúirt an Breitheamh Paul McDermott gur loic na tuismitheoirí ar a ndualgas na leanaí a chothú agus a chosaint, agus ina áit sin gur chuir siad fulaingt agus pian chorpartha agus intinne thar na bearta ar na daoine óga.

Dúirt an breitheamh gur éirigh leis na daoine fásta sa teaghlach an mhí-úsáid a cheilt agus dallamullóg a chur ar oibrithe sóisialta.

Cé go bhfuil míchumas áirithe intleachtúil ar na tuismitheoirí, arsa an Breitheamh McDermott, níl aon amhras air ach gur thuig siad go raibh a gcuid iompair mícheart. Ní mór tabhairt ar aird freisin, a dúirt sé, nach raibh aon aiféala ná aithreachas orthu.

Ní féidir mórán eolais a thabhairt faoin teaghlach d'fhonn na leanaí a chosaint.