Adhlacadh i gCo Uíbh Fhailí inniu Ashling Murphy, an bhean óg a maraíodh i dTulach Mhór an tseachain seo caite.

Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy, múinteoir 23 bliain d'aois, ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, ag thart ar 4 a chlog tráthnóna Dé Céadaoin seo caite.

Ar na príomhshochraidigh ag an Aifreann éagnairce i Séipéal Naomh Bríd i gCnocán Bhólais ar maidin, bhí muintir Ashling Murphy - Raymond agus Kathleen - a deirfiúr Amy, a deartháir Cathal agus a páirtí Ryan Casey.

Dúirt an príomhcheiliúraí an tAthair Michael Meade ina aitheasc gur séad bua ab ea Ashling a sciobadh óna teaghlach agus óna páirtí. Duine í, a dúirt sé, a dháil aoibhneas, grá, sult agus gáire ar a lán daoine.

Thug an tAthair Meade le fios chomh maith gur tógadh go leor ceisteanna i measc an phobail ó maraíodh Ashling agus go raibh súil aige go dtiocfadh an t-athrú a bhfuil gá leis ar chúrsaí i bhfianaise ar tharla don bhean óg.

Ashling Murphy

Bhi Easpag na Mí an Dr Thomas Deenihan ar dhuine de cheiliúraithe an Aifrinn chomh maith agus dúirt seisean go gcaitheann marú Ashling amhras ar dhearcadh daoine ar mhná, agus go dtugann sé dúshlán ár gcuid luachanna agus ár moráltachta.

Agus guí an phobail á léamh acu, tharranig col ceathracha Ashling aird ar na bigilí ar fad a bhí ar siúl ina hónóir ar fud na hÉireann agus thar lear. Impíodh gur tús a bheadh sna bigilí sin, tús an deiridh le foréigean ar mhná.

I láthair ag an tsochraid chomh maith, bhí go leor dá cairdre ón scoil, ón gcoláiste, ó Chumann Lúthchleas Gael agus ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí Ashling ina ball de Chomhaltas Bhaile Átha Buí.

Bhí Ella Flaherty, cara cléibh Ashling ó bhí siad ina bpáistí, i measc na gceoltóirí áitúla a chas an ceol ag an Aifreann.

Ceol gan mheidhir i gCnocán Bhólais inniu

Tugadh roinnt samhailchomharthaí ar shaol Ashling chun na haltóra ina hómós - fidil, geansaí camógaíochta Chill Chormaic/Chill Achaidh, pictiúr dá teaghlach, leabhar scoile agus grianghraf di féin.

Múinteoir i Scoil Náisiúnta Dharú ab ea Ashling Murphy, áit a raibh Rang a hAon faoina cúram. Rinne a cuid daltaí garda onóra taobh amuigh den séipéal agus pictiúr di agus rós dearg i lámh gach aon duine acu.

Bhí múinteoirí agus daltaí ó Scoil Náisiúnta Chúil an Airne sa Phailís páirteach sa gharda onóra freisin. Is ann a chuaigh Ashling ar scoil.

Cuid den gharda onóra

I measc na sochraideach eile, bhí an tUachtarán Michael D Higgins, a bhean céile Sabina, an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee, an tAire Ealaíon Catherine Martin agus an tAire Oideachais Norma Foley.

Adhlacadh Ashling Murphy i reilig an Bhaile Íochtaraigh i gCnocán Bhólais i ndiaidh an Aifrinn.