Beidh Aifreann sochraide Ashling Murphy, an bhean óg a maraíodh i gCo Uíbh Fhailí an tseachain seo caite, ar siúl i gCnocán Bhólais sa chontae sin ar maidin inniu.
hIonsaíodh agus maraíodh an múinteoir 23 bliain d'aois taobh leis an gCanáil Mhór i dTulach Mhór tráthnóna Dé Céadaoin seo caite.
Ar na príomhshochraidigh ag an Aifreann i Séipéal Naomh Bríd ar maidin, beidh muintir Ashling Murphy - Raymond agus Kathleen - a deirfiúr Amy, a deartháir Cathal agus a páirtí Ryan Casey.
I láthair ag an tsochraid chomh maith, beidh go leor dá cairdre ón scoil, ón gcoláiste, ó Chumann Lúthchleas Gael Chill Chormaic/Chill Achaidh agus ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
Déanfaidh múinteoirí agus daltaí ó Scoil Náisiúnta Chúil an Airne sa Phailís garda onóra ag an séipéal.
Ceoltóirí áitiúla a sheinnfeas an ceol ag an tsochraid.
Is é an sagart paróiste an tAthair Michael Meade a bheas ina phríomhcheiliúraí ag an Aifreann. Beidh an tUachtarán Michael D Higgins, an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee i láthair freisin.
Adhlacfar Ashling Murphy i reilig an Bhaile Íochtaraigh i gCnocán Bhólais i ndiaidh an Aifrinn.
Craolfar an tAifreann beo ar chainéal nuachta RTÉ.
D'iarr ceardchumainn mhúinteoirí ar scoileanna ar fud na tíre nóiméad tosta a bheith acu i gcuimhne Ashling Murphy ag 11 a chlog ar maidin, tráth a thosós an tAifreann.