Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte gur 6,329 cás nua de Covid-19 atá sa Stát.

Uaslódáladh 4,810 toradh dearfach ar thástáil antaigine inné.

1,006 duine atá ag fáil cóir leighis in ospidéil na tíre don ghalar.

97 díobh sin atá sna haonaid dianchúraim.