Sa Chúirt Choiriuil Speisialta, fuarthas an fear gnó Jim óg Mansfield ciontach in iarracht a dhéanamh riar na córa a chur as a riocht nuair a threoraigh sé go ndéanfaí físeán CCTV a scriosadh.
Fuarthas neamhchiontach é as dul i mbun comhcheilge le daoine eile chun go bhfuadódh buíon coiriúil duine a bhí ag obair dó.
Cuireadh tús le triail Jim óg Mansfield ag deireadh na bliana seo caite.
Bhí Mansfield ag pléadáil neamhchiontach sa 2 chúis a bhí curtha ina leith.