Dúirt ollamh le himdhíoneolaíocht in Ollscoil Mhá Nuat,Paul Moynagh gur dóigh leis go bhfuil a bhuaicphointe sroichte anois ag an leagan 'Omicron' den víreas corónach.
Dúirt sé áfach nach féidir a bheith cinnte de sin go hiomlán.
Breis is 1000 othar a bhí ag fáil cóir leighis do Covid-19 sna hospidéil ar maidin inniu.
Sin ardú 66 ón am céanna inné.

Tá ionadaithe san Earnáil Fáilteachais anois ag éileamh go gcuirfí deireadh leis na srianta atá i bhfeidhm san earnáil sin faoi láthair de bharr Covid-19.
Iarrann siad go bhfillfí arís ar ghnáth-uaireanta trádála.