Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney tar éis fiosrúchán a bhunú maidir le hócáid cheiliúrtha a tionóladh ina Roinn bliain go leith ó shin.

D'fhéadfadh sé gur sháraigh an teacht le chéile seo na rialacha mar a bhí ag an am le Covid.

Ba i Meitheamh 2020 a tharla an ócáid, i ndiaidh don tír seo suíochán a bhaint ar Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe.

Tuairiscítear gur bhailigh breis is 20 státseirbhíseach in aon ionad amháin, tráth nach raibh ceadaithe ag ana am ach ag duine casadh le seisear lasmuigh dá theaghlach.

Is é an Stát Rúnaí nua sa Roinn Gnóthaí Eachtracha,Joe Hackett atá i gceannas an fhiosrucháin.

Deirtear go mbeidh sé críochnaithe ag deireadh na míosa seo.