Tá 17,065 cás nua Covid 19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte inniu.

Tá 1,023 duine san ospidéal leis an ngalar faoi láthair. 682 duine a bhí san ospidéal le Covid 19 coicís ó shin.

Tá 83 duine san aonad dianchúraim faoi láthair, naonúr níos lú ná líon na n-othar inné.