Tá bigilí faoi sholas coinnle ar siúl i dTulach Mhór agus i mbailte agus cathracha ar fud na hÉireann tráthnóna i gcuimhne Ashling Murphy, 23 bliain d'aois, a maraíodh ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, ag thart ar 4 a chlog arú inné.

Tá ómós léirithe ag an Uachtarán, Michael D. Higgins, don mhúinteoir óg, a ionsaíodh le linn di a bheith amuigh i mbun aclaíochta i ndiaidh na scoile ar an gCéadaoin.

"Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le gach duine atá suaite leis an mbás tragóideach seo", a dúirt sé, "le muintir Ashling - a máthair, Kathleen, a hathair Raymond, a deirfiúr Amy agus a deartháir Cathal ach go háirithe.

Múinteoir óg a bhí inti a raibh go leor buanna aici. Agus a bhí mar eiseamláir den ghlúin óg atá i mbarr a réime faoi láthair. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh muid machnamh ar an méid go gcaithfimid a dhéanamh chun deireadh a chur le foréigean i gcoinne na mban sa tsochaí seo."

Bhailigh na céadta le chéile ar an bhFaiche Mhór i lár chathair na Gaillimhe le páirt a ghlacadh i mbigil aréir. Bhí ceann eile ar siúl taobh amuigh de Theach Laighean iarnóin inniu agus tá bigilí eile á n-eagrú ar fud na tíre i gcathracha agus i mbailte eile freisin tráthnóna.