Tá na Gardaí i dTulach Mhór ag iarraidh labhairt le fear eile i dtaca le dúnmharú an mhúinteora Ashling Murphy, 23 bliain d'aois, Dé Ceadaoin.

Bhí fear á cheistiú acu inné, ach tá seisean scaoilte saor anois. Deir na Gardaí go bhfuil siad sásta nach raibh aon bhaint ag an bhfear sin leis an marú.

Tá cóir leighis á cur ar an bhfear eile a bhfuil na Gardaí ag iarraidh labhairt leis agus tá sé san ospidéal faoi láthair. Fanfaidh na Gardaí go dtí go scaoilfear saor ón ospidéal é chun agallamh a chur air.

Thug na Gardaí le fios inniu go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta acu ina bhfiosrúchán.

Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh.

Measann na Gardaí nach raibh aithne ag Ashling Murphy agus an té a d'ionsaigh í ar a chéile agus deir siad nach bhfuil a fhios acu fós céard ba bhunchúis leis an uafás.

Cuid thábhachtach den fhiosrúchán anois is ea rothar sléibhe den déanamh Falcon Storm. Bhí na Gardaí ag achainí ar dhaoine a mbeadh eolas acu faoin rothar nó a chonaic é i dTulach Mhór le gairid teacht chun cainte leo.