Thug an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Ronan Glynn, le fios inniu go bhfuil an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí dóchasach go bhfuil an ráig seo den athraitheach Omicron ag teacht chun buaice, nó go bhfuil an chuid is measa di imithe tharainn, fiú.

Tá údar dóchais ann faoi láthair, dar leis, go bhfuil smacht á fháil ar an ráig, ach gur gá an t-eolas ar fad a mheas go ceann seachtaine eile sula mbeidh NPHET in ann a dheimhniú go bhfuil an buaicphointe den ráig sáraithe.

Beidh NPHET ag bualadh lena chéile arís an tseachtain seo chugainn.

Thug an Dochtúir Glynn le fios inniu go ndéanfar plé ag an gcruinniú sin ar na srianta atá i bhfeidhm san earnáil fáilteachais faoi láthair. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá tithe tábhairne agus bialanna á ndúnadh ag 20:00. Beidh na srianta sin i bhfeidhm go dtí 30 Eanáir.