skip to main content

"Is féidir leis an mBreatain margadh a dhéanamh fós leis an AE ar cheist Phrótocal Thuaisceart Éireann " - Liz Truss

Dúirt Liz Truss inniu gur cainteanna cuiditheacha fiúntacha a bhí sna cruinnithe a bhí aici le Maroš Šefčovič, príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh maidir leis an bPrótacal.
Dúirt Liz Truss inniu gur cainteanna cuiditheacha fiúntacha a bhí sna cruinnithe a bhí aici le Maroš Šefčovič, príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh maidir leis an bPrótacal.

Tá sé ráite ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss, go bhfuil dóchas aici go fóill go mbeidh an Bhreatain in ann margadh a bhaint amach leis an Aontas Eorpach maidir le ceist chonspóideach Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Bhuail sí aréir agus arís ar maidin le Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič, agus tá siad le bualadh lena chéile arís ag deireadh na míosa seo.

Ní raibh sí sásta a chur as an áireamh, áfach, go mb'fhéidir go ndéanfaidh an Bhreatain Airteagal 16 den Phrótacal a ghairm mura nglacfaidh an tAontas le leasuithe ar an bPrótacal atá molta ag an mBreatain.

De réir Airteagal 16, tá cead ag an mBreatain - nó ag an Aontas Eorpach - gníomhú as a stuaim féin sa gcás go bhfuil siad den bharúil go bhfuil an Prótacal ag cothú fadhbanna móra dóibh.

Dúirt Liz Truss inniu gur cainteanna cuiditheacha fiúntacha a bhí sna cruinnithe a bhí aici le Maroš Šefčovič, príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh maidir leis an bPrótacal.

"Teastaíonn uaim dul chun cinn a dhéanamh agus táim ag iarraidh socrú a bhaint amach a rachaidh chun leasa mhuintir an Tuaiscirt", a dúirt sí, "ach mura n-éiríonn linn go leor dul chun cinn a dhéanamh, beidh orainn machnamh a dhéanamh ar na roghanna eile atá ar fáil dúinn."