Tháinig leasuithe i bhfeidhm aréir ag meánoíche ar an achar a chaithfidh daoine a bhfuil Covid-19 orthu, agus dlúth-theagmhálaithe na ndaoine sin, fanacht astu féin feasta.

De réir na leasuithe, beidh ar dhaoine a bhfuil Covid orthu fanacht astu féin ar feadh seacht lá in áit deich lá.

I gcás dlúth-theagmhálaithe atá iomlán vacsaínithe agus nach bhfuil siomptóim Covid orthu, ní bheidh orthu fanacht astu féin ar feadh cúig lá.

Tá comhairle á cur orthu, áfach, maisc ardéifeachtúla a chaitheamh agus tástálacha antaigine a dhéanamh go rialta.

Os a choinne sin, beidh ar dhlúth-theagmhálaithe nach bhfuair teanndáileog den vacsaín go fóill fanacht astu féin ar feadh seacht lá.

Chomh maith leis sin, ní bheidh oibleagáid ar dhaoine idir cheithre bliana agus 39 bliain d'aois tástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (ISP) a dhéanamh tar éis dóibh toradh deimhneach a fháil ó thástáil antaigine.