Tá imeachtaí á n-eagrú ar fud na tíre inniu, i gcuimhne Ashling Murphy, a dúnmharaíodh i gCo Uíbh Fhailí ar an gCéadaoin.

Bhí teacht le chéile ar siúl cheana féin i gCathair na Gaillimhe aréir, agus beidh Comhairle na mBan ag eagrú bigilí faoi sholas coinnle os comhair Theach Laighean i mBaile Átha Cliath ag 4pm inniu, tráth a bheidh bigilí eile ar siúl in Ard Mhaca, Béal Feirste, Doire, Ceatharlach, Luimneach agus Tiobraid Aránn.

Beidh a mbigil féin á heagrú ag muintir Thulach Mhór - an baile arbh as d'Ashling Murphy - níos deireanaí.

Múinteoir i Scoil Náisiúnta Dharú ab ea Ashling Murphy, áit a raibh Rang a hAon faoina cúram. Bhí sí 23 bliain d'aois.

Dúirt an scoil go ngoillfidh an tragóid go mór ar na leanaí agus ar phobal na scoile.

Ceoltóir traidisiúnta a bhí inti chomh maith agus chasadh sí an veidhlín in ionaid cheoil ar fud na tíre.