Le Shane Ó Curraighín agus Méabh Ní Thuathaláin

Tháinig cinneadh fáil réidh le riachtanas Gaeilge a bhíodh ann do sháirsintí agus chigirí aniar aduaidh ar an Gharda Síochána, de réir cáipéisí atá faighte ag 7Lá faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tugtar le fios sna cáipéisí go raibh mearbhall sa Gharda Síochána faoin tslí a bhfuarthas réidh leis an dualgas a bhíodh ar sháirsintí agus chigirí 50% ar a laghad a fháil i scrúdú cainte Gaeilge.

I miontuairiscí cruinnithe de Ghrúpa Oibre Gaeilge na nGardaí i mí na Samhna anuraidh, dúradh nár pléadh an scéal le Coláiste Oiliúna na nGardaí, leis an Oifigeach Gaeilge, ná leis an Rannóg Acmhainní Daonna agus Forbartha Daoine sula bhfuarthas réidh leis an choinníoll Gaeilge do sháirsintí agus chigirí i rith an tsamhraidh.

Bhíodh an Garda Síochána ag bainistiú na gcomórtas arduithe céime go hinmheánach ach beidh sé á reáchtáil feasta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Ar an 13 Iúil anuraidh a fuarthas réidh sna rialacháin arduithe céime leis an riachtanas Gaeilge a bhí ann do Ghardaí a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí.

Cé go ndúirt an tAire Dlí gus Cirt Helen McEntee gur comhaontú a bhí i gceist idir a Roinn féin, an Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, is léir nach raibh a fhios ag comhaltaí sinsearacha sa Gharda Síochána faoin athrú.

"Meastar gurb iad an Roinn a rinne an cinneadh nuair a leasaíodh na rialacháin arduithe céime," a dúradh agus an cheist á plé ag cruinniú mhí na Samhna.

Mhaígh Príomhoifigeach Cúnta sa Rannóg Acmhainní Daonna ag an chruinniú sin "nach raibh tagairt don Ghaeilge sa cháipéis a fuarthas maidir le hathruithe" agus nár mheas sí "gur tháinig sé [cealú an riachtanais] ón Gharda Síochána."

I ndiaidh an chruinnithe, leagadh cúram ar Stiúrthóir Acmhainní Daonna an Gharda Síochána fáil amach cad é ba bunchúis leis an athrú.

Cé gur aithníodh ag an chruinniú nár pléadh an cheist i rannóga áirithe na nGardaí, thacaigh baill den ghrúpa oibre Gaeilge leis an chinneadh fáil réidh leis an scrúdú cainte Gaeilge do shairsintí agus chigirí.

Aontaíodh ag an chruinniú go bhféadfadh "tionchar diúltach" a bheith ag an riachtanas Gaeilge ar iarrthóirí áirithe, go háirithe orthu siúd ó thíortha eile nár fhoghlaim Gaeilge ar scoil, agus maíodh gur ceist comhaionannais deiseanna a bhí ann.

I gcás na sáirsintí a bheadh ar dualgas i gceantair Ghaeltachta, measadh go mbeadh líofacht sa Ghaeilge riachtanach i gcónaí.

Tugadh le fios chomh maith go ndéantaí an bhéaltriail agus Gardaí fós á n-oiliúint, sin blianta roimh ardú céime. Dá bhrí sin, níor chomhartha é an scrúdú ar líofacht reatha, a dúradh.

Dúradh fosta go mbíodh ar chomhaltaí a thugadh faoin scrúdú an athuair gnéithe den teanga a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Tá litir scríofa ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge chuig Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris agus chuig an Roinn Dlí agus Cirt faoin scéal, agus míniú á lorg acu ar an chinneadh a rinneadh fáil réidh leis riachtanas Gaeilge do shairsintí agus chigirí.