Tá rún ag an Rialtas dhá lá saoire bainc a cheadú aimsir na Féile Pádraig i mbliana, a dúirt an Tánaiste Leo Varadkar.

Thug sé le fios chomh maith go bhfuil sé i gceist gur lá saoire bainc a bheas i Lá Fhéile Bríde ón mbliain seo chugainn.

Lá cuimhneacháin ar na daoine a cailleadh le Covid-19 a bheas i Lá Fhéile Bríde in 2023, a dúirt an Tánaiste, agus tabharfar aitheantas an lá sin freisin d'oibrithe túsline a chur crua orthu féin ar son daoine eile le linn na paindéime.

Dhearbhaigh Leo Varadkar gur dóichí go mbeidh stádas buan ag an lá saoire bainc ón mbliain seo chugainn.

Dúirt sé, áfach, go bhfuil sé róluath fós cinneadh foirimiúil a dhéanamh faoin gceist de bhrí nach bhfuil a sea tugtha fós ag an bpaindéim.

Tá naoi lá saoire bainc sa bhliain sa Stát faoi láthair agus thug an Rialtas le tuiscint anuraidh go raibh sé i gceist ceann nua a lamháil faoi dheireadh 2021.