Le Shane Ó Curraighín agus Méabh Ní Thuathaláin

Cé go bhfuil sé aitheanta ag an Gharda Síochána go gcaithfear dul i ngleic le ceist an liúntais Ghaeltachta ní léir go mbeidh aon liúntas san áireamh i stráitéis nua teanga na heagraíochta.

De réir miontuairiscí ó chruinnithe an Gharda Síochána atá faighte ag 7Lá faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá an liúntas Gaeltachta, a bhfuarthas réidh leis d'earcaigh nua in 2012, ag cur as don "dea-thoil" i dtaobh úsáid na Gaeilge san fhórsa.

Pléadh an cheist ag cruinniú de Ghrúpa Oibre Gaeilge na nGardaí atá i mbun stráitéis nua Gaeilge na heagraíochta.

Bunaíodh an Grúpa Oibre ag deireadh mhí na Bealtaine anuraidh i ndiaidh do Choimsinéir an Gharda Síochána Drew Harris teacht os comhair Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, mar ar pléadh an sárú a deirtear atá á dhéanamh ag an eagraíocht ar a dhualgais reachtúla teanga.

Tá ardbhainistíocht na nGardaí ó chéim an Choimisinéara Chúnta anuas go céim na Sáirsinte, chomh maith le hionadaithe ó na reigiúin Ghaeltachta rannpháirteach sa Ghrúpa Oibre Gaeilge.

Ag cruinniú i mí Iúil anuraidh, dúirt bainistíocht shinsearach na nGardaí gur "beag seans" go mbeadh an liúntas Gaeltachta á thabhairt ar ais agus go mbeadh cur chuige "cruthaitheach" ag teastáil chun cúrsaí Gaeilge a fheabhsú san fhórsa.

Mar chuid den chur chuige "cruthaitheach" sin, tá mana nua Gaeilge "Labhair í, is Linn í!" ag na Gardaí a bhfuil sé mar aidhm aige labhairt na Gaeilge a spreagadh.

Ag trácht di ar an stráitéis nua teanga, dúirt an Coimisinéir Cúnta Anne Marie McMahon nár cheart an iomarca béime a chur ar chúrsaí earcaíochta agus gur gá "breith ar an athoiliúint agus Fáinne Gaeilge an Gharda Síochána" má tá "dul chun cinn" le déanamh ó thaobh na Gaeilge de san eagraíocht.

700 Garda atá cláraithe don Fháinne Gaeilge go dtí seo, de réir na miontuairiscí. Tá trí chinéal fáinne i gceist, mar atá, fáinne óir do chainteoirí atá líofa sa Ghaeilge, fáinne airgid do Ghardaí le Gaeilge bhunúsach agus fáinne "cúpla focal", a léiríonn na trí cinn acu go bhfuil "seirbhís i nGaeilge ar fáil don phobal."

Tugadh le fios ag cruinniú i ndeireadh na Samhna go raibh roinnt Gardaí "neirbhíseach faoin fháinne a chaitheamh" ach go raibh "iarrachtaí a ndéanamh dul i ngleic leis."

Clár oibre chruinniú mhí na Samhna

Tá an luthchleasaí aitheanta Eve McCrystal a bhuaigh bonn óir sa rothaíocht sna Cluichí Paralimpeacha ina measc siúd a chláraigh d'Fháinne Gaeilge go dtí seo, agus í luaite le ról mar ambasadóir Gaeilge na nGardaí.

Mar chuid den athoiliúint sa Ghaeilge, beidh cúrsaí Gaeilge ar líne á gcur ar fáil do na Gardaí ag an eagraíocht Gaelchultúr de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CRET).

Dúirt an Coimisinéir Harris ag cruinniú amháin den Ghrúpa Oibre Gaeilge go raibh gá le cur chuige "níos uallmhianaí" don stráitéis Ghaeilge agus mhol sé "spriocanna" a leagan síos.

Nuair a bhí plé á dhéanamh faoi conas mar a mheallfaí Gardaí chun an Ghaeilge a úsáid, dúirt an tArd-Cheannfort i nDún na nGall David Kelly gur "deacracht" í an liúntas Gaeltachta ar gá dul i ngleic leis.

"Tá roinnt comhaltaí á fháil agus roinnt comhaltaí eile nach bhfuil. Cuireann seo isteach ar an dea-thoil i dtaobh úsáid na Gaeilge agus tá deacrachtaí ann," a dúirt an Ceallach.

Ceann de na deacrachtaí sin, a dúirt sé, is ea an cead a thugtar do Ghardaí a fhaigheann an liúntas "tabhairt faoi mhír raidió i nGaeilge mar go n-íoctar iad as."

Mar fhreagra air sin, mhaígh Anne Marie McMahon, atá i gceannas na straitéise Gaeilge, nach raibh sé d’acmhainn ag an eagraíocht an liúntas Gaeltachta a thabhairt ar ais.

"Caithfimid achainí a dhéanamh trí mhodhanna eile agus a bheith cruthaitheach," a dúirt sí.

Ag an chruinniú céanna, mhol an Coimisinéir Cúnta Barry O’Brien "breathnú ar an liúntas Ghaeltachta a athbhunú" agus dúirt go "bhféadfaí sin a dhéanamh i gcomhthéacs sainmhíniú a dhéanamh ar cad is stáisiún Gardaí Gaeltachta ann."

Fuarthas réidh leis an liúntas Gaeltacha arbh ionann é agus 7.5% den tuarastal d’iontrálaithe úra san fhórsa in 2012 ach íoctar é i gcónaí le Gardaí ar ceadaíodh dóibh é roimhe sin.

Faoi láthair, tá Gaeilge líofa ag 35 den 95 Garda atá ar dualgas sa Ghaeltacht, sin 37% den fhórsa Gaeltachta.

Tá 23 stáisiún i gceantair Ghaeltachta - cúig chinn i nDún na nGall, trí cinn i Maigh Eo, aon cheann déag i nGaillimh, dhá cheann i gCiarraí, dhá cheann i gCorcaigh agus ceann i bPort Láirge.

Ag cruinnithe an Ghrúpa Oibre, pléadh na deacrachtaí a bhí ag na Gardaí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta.

Mheas Anne Marie McMahon gur gá "mianta a bhainistiú" i leith an dul chun chun a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an tseirbhís Ghaeilge a fheabhsú.

"Is í an phríomhthosaíocht ba cheart a bheith againn líon na nGardaí atá líofa sa Ghaeilge a choinneáil sna stáisiúin Ghaeltachta," a dúirt sí.

"Labhair í, is Linn í!" - mana úr an Gharda Síochána

Thug an tArd-Cheannfort Jarlath Lennon, a bhfuil freagracht na gceantar Gaeltachta air, le fios go bhfuil sólathar maith Gardaí le Gaeilge i roinnt ceantar Gaeltachta, ar nós Ghaeltacht na Gaillimhe, ach go bhfuil fadhbanna in áiteanna eile, tuaisceart Dhún na nGall ina measc.

Dúirt an tArd-Cheannfort Lennon nach ndéantar mórán iarratas ar aistriú go stáisiúin Ghaeltachta ar chúiseanna eagsúla, ar nós "fad ón bhaile."

In 2011, dúradh in imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh líofacht sa Ghaeilge ag Garda amháin as naonúr a bhí ag freastal ar stáisiún an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair.

De thoradh an imscrúdaithe sin, bunaíodh Sruth Gaeilge i gColáiste Oiliúna na nGardaí ar an Teampall Mór in 2013 ar tugadh 10% d’áiteanna bliantúla an choláiste dó.

Tá 55 Garda cáilithe ón Sruth Gaeilge agus tá cúigear acu lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta faoi láthair.

Aistríodh beirt Ghardaí ón Sruth Gaeilge chun na Gaeltachta anuraidh. Cuireadh duine acu go dtí an Daingean i gCo Chiarraí agus an duine eile go dtí an Rinn i gCo Phort Láirge.

Tá sé i gceist Garda eile le Gaeilge a aistriú go dtí Áth Buí i gCo na Mí i mbliana, mar a bhfuil stáisiún seirbhíse Gaeltachta.

Garda amháin le Gaeilge atá ar dualgas i mBéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo, de réir na miontuairiscí.

As an 600 ábhar Garda a earcaíodh in 2020, triúr acu atá líofa sa Ghaeilge.

Tá sé admhaithe ag an Choimisinéir Harris gur theip ar iarrachtaí dóthain cainteoirí Gaeilge a mhealladh.

Bhí stráitéis Ghaeilge na nGardaí le foilsiú ar an 13 Nollaig ach cuireadh siar é mar gheall ar an bpaindéim Covid-19.

Tá súil é a fhoilsiú "go luath," a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do 7Lá.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar 7Lá ar TG4 ag 8 a chlog anocht