Dúirt ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid go bhfuil luathú tagtha faoi chásanna Covid-19 sa tír agus go bhfuil ardaithe ar líon na dtástálacha Covid-19 atá dearfach le trí lá.
Is cosúil go bhfuil an ráig Deilte á fágáil inár ndiaidh agus go bhfuil ráig Oimiocróin ag teacht ina háit, a dúirt sé.
Thug Paul Reid le fios chomh maith go bhféadfadh go mbeadh 20,000 cás den ghalar sa ló ann dá dtiocfadh tuar faoin tairngreacht is tubaistí.
Cé ea, a dúirt sé, seachnófar an tubaiste má chloíonn daoine leis an gcomhairle sláinte poiblí agus má chloítear leis an ráta vacsaínithe atá ann faoi láthair.
Sa chás sin, de réir gach dealraimh, is thart ar 8,000 cás sa ló a bheas ann, a mhaígh sé.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Riadach go léiríonn an fhianaise go dtí seo - agus níl ann ach go dtí seo - cé nach bhfuil Oimiocrón chomh hurchóideach le Deilte go bhfuil sé cúig huaire go leith níos tógálaí.
A bhfuil i ndán do na hospidéil is mó atá ag déanamh scime do na húdaráis sláinte, a dúirt sé.
Chuir Paul Reid in iúl go bhfuil go leor acmhainní breise á gcur ar fáil do na hospidéil, d'ionaid tástála agus vacsaínithe agus don chóras sláinte trí chéile le go mbeidh siad in araíocht dul i ndréim leis na dúshláin atá rompu.
Dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil teanndáileog den vacsaín Covid-19 faighte faoi seo ag 49.9% de dhaoine fásta sa Stát. Sin 37.4% den daonra iomlán, a dúirt sé.
Mhol an Taoiseach go hard na daoine atá freagrach as an gclár vacsaínithe a chur i bhfeidhm, idir an aicme ghairmiúil agus oibrithe deonacha.