Deirtear i dtuarascáil nua ó chomhairleoirí PwC go raibh bealach isteach i gcóras ríomhaireachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag lucht haiceála ocht seachtaine sular ionsaigh siad an ríomhchóras le bogearraí mailíseacha.

Rinneadh an-dochar don ríomhchóras mar gheall ar an gcibirionsaí i mí na Bealtaine seo caite.

Tugtar le fios sa tuarascáil go raibh neart deiseanna ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte teacht roimh an ionsaí, go háirthe tar éis do dhuine nó do dhaoine san eagraíocht ríomhphost fioscaireachta ó na bradaithe a oscailt ar an 1 Márta.

Ba é an ríomhphost sin a lig na haiceálaithe isteach sa ríomhchóras.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith go raibh ríomhchóras na Feidhmeannachta ag an am leochaileach agus nach raibh an saineolas cuí ná dóthain acmhainní san eagraíocht chun dul i ngleic le géarchéim den sórt sin.

Go deimhin, bhain na haiceálaithe armáil as cleasa agus bogearraí réasúnta coitianta agus iad i mbun an fheillbhirt.

Idir an 1 Márta agus an 14 Bealtaine - an lá a tionscnaíodh an t-ionsaí - d'éirigh leis na ríomhfhoghlaithe dul isteach i roinnt freastalaithe agus i gcuntais a creideadh a bhí díonta ar ionsaí.

I gcaitheamh na tréimhse sin, a deir comhairleoirí PwC, chuir roinnt ospidéal in iúl don Fheidhmeannacht go raibh gníomhaíocht mhailíseach ar bun ina gcuid ríomhchóras féin ach níor tuigeadh tábhacht an scéil ag an am.

Deir PwC go bhfuil móreasnamh ceannasaíochta i gcúrsaí teicneolaíochta faisnéise san Fheidhmeannacht agus molann siad dhá phost shinsearacha nua sa réimse sin a bhunú san eagraíocht gan spás.

Molann siad freisin monatóireacht shíoraí a dhéanamh ar ríomhchóras na heagraíochta.

I ráiteas, dúirt an Fheidhmeannacht go bhfuil beartais dian-chibearshlándála curtha i bhfeidhm acu ó tharla an t-ionsaí haiceála seacht mí ó shin.

Creidtear gurbh é an bhuíon coirpeach a dtugtar Wizard Spider air a bhí freagrach as an ionsaí.

Dar le gníomhaireachtaí faisnéise go bhfuil an dream sin ar cheann de na buíonta coirpeach is cumasaí ar domhan ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de.

Deirtear go bhfuil siad bunaithe i gCathair Pheadair - agus sa cheantar máguaird - sa Rúis.