Tá codanna de bhaile Dhún na nGall faoi uisce tar éis d'abhainn na hIascaí cur thar a bruacha mar gheall ar an bhfearthainn throm a thit sa cheantar le linn na stoirme.

Tá lucht dóiteáin agus innealtóirí Chomhairle Chontae Dhún na nGall ag taoscadh uisce ó na sráideanna le súil nach sceithfidh sé isteach i bhfoirgnimh ar an mbaile.

Bhí luas idir 100 agus 120 ciliméadar san uair faoin ngaoth in áiteanna i nDún na nGall ar maidin.

Tá thart ar 20,000 áras cónaithe agus ionad gnó fós gan soláthar leictreachais, go háirithe san iarthar agus san iarthuaisceart.

Cé go bhfuil a fuinneamh caite ag Stoirm Barra, a deir na meitéareolaithe, níl an tír tagtha slán ó nimh na ndúl fós agus beidh sé fuar agus gaofar i gcónaí i mbunáite na tíre.

Deir Met Éireann go mbeidh gaoth an-láidir tráthnóna agus anocht i gConnachta, agus i dtuaisceart agus in oirthear Laighean.