Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur tuairiscíodh 4,152 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

543 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, i gcomórtas le 505 inné. Tá 118 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos mó ná inné.

Dearbhaíodh chomh maith gur bhásaigh 81 duine le Covid-19 sa Stát le seachtain. Fágann sin gur bhásaigh 5,788 duine leis an ngalar sa Stát ó thús na paindéime.

Fógraíodh tráthnóna freisin go bhfuil cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,933 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,912 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.

329 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, le hais 317 inné. Tá 38 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos mó ná inné.