Maraíodh fear os cionn 40 bliain d'aois nuair a leag carr é i gCo Thiobraid Árann aréir.

Bhí an fear ag siúl an bhóthair idir Tuaim Uí Mheára agus Baile na Móna go gairid tar éis 10 a chlog aréir nuair a tharla an tionóisc.

Tugadh tiománaí an ghluaisteáin, fear os cionn 20 bliain, chun an ospidéil i Luimneach. Tuigtear nár gortaíodh é go dona.

Tráthnóna inné, maraíodh fear os cionn 70 bliain nuair a bhuail dhá fheithicil faoina chéile ar bhóthar an N18 i gCill Tartan i ndeisceart na Gaillimhe.

Bhí an fear a maraíodh ag tiomáint ceann de na feithiclí.

Tugadh tiománaí na feithicle eile, fear os cionn 30 bliain, chuig an ospidéal. Deirtear nár gortaíodh é go dona.

Níos túisce, ag thart ar 12.30 inné, maraíodh bean os cionn 90 bliain nuair a d'imigh an carr a bhí sí a thiomáint den bhóthar san Eanach, i ndeas do Shráid na Cathrach, i gCo an Chláir.

Níor gortaíodh aon duine eile de bharr na timpiste.